Page 25 - Imagine A castle Final web version
P. 25
NA hÁBHAIR CHEARTA
Nuair a bhí Mitchell Henry agus a chuid ailtirí ag beartú caisleán a thógáil agus séipéal nua-Ghotach ina
dhiaidh sin, bhí orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis an áit leis na foirgnimh a lonnú, cé leis a mbeadh na
foirgnimh cosúil agus níos tábhachtaí fós, cé as a mbeadh siad déanta. Tógadh an caisleán agus úsáid á bhaint
as cloch eibhir as Baile Átha Cliath agus baineadh úsáid as go leor marmar bán ón Iodáil ar an taobh istigh
agus as ábhair chostasacha eile a bhí faiseanta ag an tráth sin. Conas, dar leatsa, ar thug siad na hábhair sin
go léir chun na Coille Móire; cuimhnigh nach raibh aon charranna nó trucailí ann an uair sin mar atá inniu?
Caithimid Súil Níos Géire ar na hÁbhair a Úsáideadh leis an séipéal gotach
a thógáil agus a mhaisiú. Is ábhair áitiúla a bhí i roinnt ábhair chomh fada ó
bhaile leis an Fhrainc, an Ghearmáin agus an iodáil agus roghnaíodh iad sin go
léir ar chúiseanna ar leith.
Na hÁbhair Chearta
Aolchloch na hÉireann don taobh Tá na colúin mharmair déanta as Cloch Caen ó thuaisceart
amuigh, roghnaithe mar gheall ar ceithre chineál marmar de chuid na Fraince, roghnaithe mar
a dath bánliath agus mar gheall na hÉireann. Uaine as Conamara, gheall ar a cuid áilleachta, a
go bhféadfaí í a shiséaladh chun dearg as Corcaigh, dubh as Cill dath buí agus a hoiriúnacht do
fuinneoga, spuaiceanna agus Chainnigh agus liath as Ard Mhacha. shnoíodóireacht mionsonraí ar
dealbha galánta a dhéanamh. Roghnaíodh iad mar gheall ar a gcuid nós bláthanna, duilleoga agus éin.
Tá aolchloch le fáil i ndathanna áilleachta agus le léiriú a dhéanamh
eile ó bhánliath go bándearg! ar ghrá theaghlach Henry d’Éirinn.
Féachaint níos grinne
Féach ar an bpictiúr seo atá le feiceáil trí dhoras
an tséipéil nua-Ghotach. Cá mhéad de na hábhair
thógála difriúla is féidir leat a ainmniú?
Féach ar an doras: ar mhurláin an dorais agus ar an
maisiú, ar phánaí na fuinneoige agus ar na frámaí,
na ballaí agus ar an urlár.
Anois féach thart timpeall ort i do sheomra ranga:
féach na hábhair dhifriúla atá tú in ann a aimsiú. Cá
mhéad ceann atá ann? Ainmnigh iad.
Sa lá atá inniu ann, tá go leor de na rudaí a bhí déanta
as adhmad agus as miotal déanta as plaisteach; mar
shampla, cathaoireacha, deasca, fuinneoga agus clár
bán. Chomh maith leis na hábhair nádúrtha atá sa
phictiúr seo, liostaigh na rudaí go léir i do sheomra
ranga atá déanta as plaisteach.
24 5