Page 35 - Imagine A castle Final web version
P. 35
GAIRDÍN IONTACH
An Garraí Daingean ag tús a Ré
Cruthaíodh an gairdín sa Choill Mhóir an t-am céanna a tógadh an caisleán, ag deireadh na 1800idí.
D’fhostaigh an tUasal Henry garraíodóir éirimiúil darbh ainm an tUasal Garnier chun cabhrú leis plean a
leagan amach don ghairdín, a bheadh ar cheann de na gairdíní is galánta in Éirinn. Bhí 21 theach gloine téite
laistigh de bhallaí arda brící, iad lán le plandaí coimhthíocha as gach cearn den domhain, ceapaí bláthanna
áille ar chruthanna geoiméadracha, teach don Phríomh-Gharraíodóir, teach do na gnáthgharraíodóirí, agus
spás mór inar fásadh torthaí agus glasraí do mhuintir an chaisleáin.
Gairdín iontach a bhí ann, lán le plandaí, crainn agus torthaí nach bhfacthas in Éirinn roimhe sin,
chomh maith leis na teicnící innealtóireachta ba nua-aimseartha den tréimhse sin chun uisce agus teas
a sholáthar do na tithe gloine.
Bhí plandaí as gach cearn den Bhí teach an Phríomh- Chun plandaí amhail an raithneach
domhain sna tithe gloine, Gharraíodóra suite ag barr an chraobhach ollmhór seo a fhás,
agus torthaí blasta amhail ghairdín le go bhféadfadh sé b’éigean na tithe gloine a choinneáil
mealbhacáin, figí agus bananaí. breathnú síos ar an ngairdín agus te. Thug píopaí uisce téite ar fud
súil a choinneáil ar na hoibrithe. na dtithe chun iad a choinneáil
te agus tais, mar a bheadh
dufair nó foraois bháistí ann.
34
15