Page 21 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 21
RÉAMHRÁ
Fáilte go dtí Mainistir na Coille Móire agus an Gairdín
Daingean Victeoiriach. Seo ár scéal go dtí seo!
Is caisleán álainn é Mainistir na Coille Móire atá suite ag bun sléibhe i gConamara,
Contae na Gaillimhe. Sasanach saibhir darbh ainm Mitchell Henry a thóg an caisleán breis agus 150 bliain
ó shin. Thóg sé an caisleán dá bhean Margaret agus dá naonúr clainne. Leagadh an bhunchloch i mí Meán
Fómhair 1867. Críochnaíodh an caisleán in 1871. Tagraítear don tréimhse seo mar an Ré Victeoiriach mar ba í
Victoria banríon Shasana ag an tráth sin. Bhí Éire fós mar chuid d’impireacht na Breataine ag an am.
D’fhág teaghlach Henry an Choill Mhóir in 1902 agus díoladh an caisleán le Diúc agus Bandiúc Mhanchain.
Ba lánúin shaibhir ghalánta iad an diúc agus an bandiúc a raibh triúr clainne acu, Louise, a rugadh sa chaisleán,
ina measc. Ach, níor thug an diúc aire dá chuid airgid agus, dá bhrí sin, b’éigean dó an caisleán a dhíol.
Sa lá atá inniu ann tá pobal mná rialta ar a dtugtar na Beinidicteach i Mainistir na Coille Móire. Tá saol
suaimhneach ag na mná rialta agus bíonn siad ag guí le chéile cúig huaire sa lá. Oibríonn siad gach lá freisin, ag
tabhairt faoi cheardaíocht ar nós gallúnacha, coinnle agus seacláidí blasta lámhdhéanta. Bhíodh mná rialta ina
gcónaí sa Bheilg i mainistir ársa i mbaile darb ainm Ypres leis na céadta bliain. Faraor, buamáladh Ypres ag tús
an Dara Cogadh Domhanda agus, cosúil leis na mílte eile, fágadh na mná rialta ina ndídeanaithe agus b’éigean
dóibh teitheadh. Tháinig an pobal Beinidicteach go dtí an Choill Mhór in 1920, agus d’athraigh siad an teidil
na háite ó chaisleán go mainistir. Is leis na mná rialta Mainistir na Coille Móire agus na tailte thart uirthi agus
tagann daoine as gach cearn den domhan ann chun taitneamh a bhaint as an stair, as an áilleacht agus as an
atmaisféar suaimhneach a bhaineann leis.
20 1