Page 25 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 25

NA hÁBHAIR CHEARTA





        Nuair a bhí Mitchell Henry agus a chuid ailtirí ag beartú caisleán a thógáil agus séipéal nua-Ghotach ina
        dhiaidh sin, bhí orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis an áit leis na foirgnimh a lonnú, cé leis a mbeadh na
        foirgnimh cosúil agus níos tábhachtaí fós, cé as a mbeadh siad déanta. Tógadh an caisleán agus úsáid á bhaint
        as cloch eibhir as Baile Átha Cliath agus baineadh úsáid as go leor marmar bán ón Iodáil ar an taobh istigh
        agus as ábhair chostasacha eile a bhí faiseanta ag an tráth sin. Conas, dar leatsa, ar thug siad na hábhair sin
        go léir chun na Coille Móire; cuimhnigh nach raibh aon charranna nó trucailí ann an uair sin mar atá inniu?

        Caithimid  Súil Níos Géire ar na hÁbhair a Úsáideadh leis an séipéal gotach
        a thógáil agus a mhaisiú. Is ábhair áitiúla a bhí i roinnt ábhair chomh fada ó
        bhaile leis an Fhrainc, an Ghearmáin agus an iodáil agus roghnaíodh iad sin go
        léir ar chúiseanna ar leith.


        Na hÁbhair Chearta






















        Aolchloch na hÉireann don taobh      Tá na colúin mharmair déanta as      Cloch    Caen     ó    thuaisceart
        amuigh,  roghnaithe  mar  gheall  ar   ceithre chineál marmar de chuid    na    Fraince,  roghnaithe   mar
        a dath bánliath agus mar gheall      na hÉireann. Uaine as Conamara,      gheall ar  a cuid  áilleachta, a
        go bhféadfaí í a shiséaladh chun     dearg as Corcaigh, dubh as Cill      dath  buí  agus  a hoiriúnacht  do
        fuinneoga,   spuaiceanna    agus     Chainnigh agus liath as Ard Mhacha.   shnoíodóireacht  mionsonraí   ar
        dealbha galánta a dhéanamh.          Roghnaíodh iad mar gheall ar a gcuid   nós bláthanna, duilleoga agus éin.
        Tá aolchloch le fáil i ndathanna     áilleachta agus le léiriú a dhéanamh
        eile ó bhánliath go bándearg!        ar ghrá theaghlach Henry d’Éirinn.


        Féachaint níos grinne
        Féach ar an bpictiúr seo atá le feiceáil trí dhoras
        an tséipéil nua-Ghotach. Cá mhéad de na hábhair
        thógála difriúla is féidir leat a ainmniú?

        Féach ar an doras: ar mhurláin an dorais agus ar an
        maisiú, ar phánaí na fuinneoige agus ar na frámaí,
        na ballaí agus ar an urlár.

        Anois féach thart timpeall ort i do sheomra ranga:
        féach na hábhair dhifriúla atá tú in ann a aimsiú. Cá
        mhéad ceann atá ann? Ainmnigh iad.

        Sa lá atá inniu ann, tá go leor de na rudaí a bhí déanta
        as adhmad agus as miotal déanta as plaisteach; mar
        shampla, cathaoireacha, deasca, fuinneoga agus clár
        bán. Chomh maith leis na hábhair nádúrtha atá sa
        phictiúr seo, liostaigh na rudaí go léir i do sheomra
        ranga atá déanta as plaisteach.
                                                                                                             24 5
   20   21   22   23   24   25   26   27   28   29   30