Page 29 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 29

SEOMRA LE hAGHAIDH
    GACH RUD




        Sna 1800idí, cé go raibh ar theaghlaigh bhochta maireachtáil, oibriú agus codladh in aon sheomra amháin,
        bhí d’acmhainn ag teaghlaigh shaibhre seomraí, galánta ar leith a bheith acu le haghaidh gach gníomhaíocht.
        I dtithe móra ar nós Caisleán na Coille Móire áfach, theastaigh buíon searbhóntaí chun na seomraí uile sin
        a choinneáil glan agus te teolaí agus chun aire a thabhairt don teaghlach. Chun sin a dhéanamh, bhí réimse
        seomraí ag na searbhóntaí freisin ina ndearna siad jabanna éagsúla.
                   Plean Urlár na Talún i gCaisleán na Coille Móire sna 1800idí

              Seomraí oibre a bhí sna seomraí a bhfuil deilbhín cloigín leo. Coinníodh na háiteanna sin as radharc
              an teaghlaigh agus ba mhinic a tugadh ‘thíos staighre’ orthu.

              Chónaigh an teaghlach sna seomraí a bhfuil deilbhín tráidire airgid leo. B’éigean do na searbhóntaí
              a bheith ag obair go ciúin agus fanacht as radharc, go dtí gur glaodh orthu. Bhí cloigín le bualadh ag
              an teaghlach nuair a bhí searbhónta uathu, chun lón a thabhairt dóibh ar thráidire airgid seans, nó
              tuilleadh uisce te don tae!





































































                                                                                                             28 9
   24   25   26   27   28   29   30   31   32   33   34