Page 27 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 27

SAMHLAIGH EASTÁT IONTACH





        Nuair a thóg Mitchell Henry a chaisleán sa Choill Mhóir, chruthaigh sé ‘eastát iontach’ timpeall air chun a
        riachtanais go léir a chomhlíonadh!  Chuir an t-eastát gach rud ar fáil don chaisleán agus do mhuintir an
        chaisleáin, ó ghlasraí agus bainne go huisce agus breosla.
                                    Eastát na Coille Móire sna 1800idí
















































          Caithfimid súil níos géire ar chuid de ghnéithe na léarscáile.
            Is ionann cuid de na foirgnimh agus spotaí beaga dubha, mar sin ní mór súil
               ghéar a chaitheamh air! Chuireamar na híomhánna agus na grianghraif
                                   leis chun léargas níos fearr a thabhairt.

        An fheirm: Bhí go leor foirgneamh ar an bhfeirm, lena n-áirítear muileann sábhadóireachta, neachtlann,
        bleánlann, stáblaí agus seideanna éanlaith chlóis. Bhí páirceanna ann chun barra a fhás agus móinéir a
        bhféadfadh ainmhithe innilt iontu.

        Oifig an Phoist agus an Teileagraif: Bhí meaisín teileagraif ag oifig an phoist a sheol teachtaireachtaí go tapa
        ar fud an domhain. Bhí teaghlach Henry ábalta litreacha agus cártaí a sheoladh agus a fháil óna gcairde i Sasana.

        An Gairdín Daingean: Is anseo a d’fhás gach cineál torthaí, glasraí, bláthanna coimhthíocha agus toir.
        Foghlaimeoimid níos mó fúthu i gcuid níos déanaí.

        Tithe Cóistí agus an Teach Dóiteáin: Chomh maith le cóistí agus carráistí capall, bhí innill dóiteáin le capall sa
        Choill Mhór agus bhí siad seo go léir stóráilte i seideanna deartha go speisialta agus a tógadh gar don chaisleán.

        An Séipéal nua-Ghotach: Is cosúil gurb é an séipéal phríobháideach is áille in Éirinn é, a tógadh in onóir
        Margaret Henry. Ach, is ann a bhí sochraid iníon Mitchell agus Margaret Henry, Geraldine, tar éis di bás a
        fháil i dtimpiste in 1892.
                                                                                                             26 7
   22   23   24   25   26   27   28   29   30   31   32