Page 28 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 28

AN CHOILL MHÓIR INNIU





        Eastát na Coille Móire sa lá atá inniu ann

        Anois féach ar an léarscáil thíos: taispeánann sé an limistéar céanna beagnach, mar atá sé inniu. Cé go
        bhfuil an stíl difriúil, d’fhan cuid de na gnéithe mar an gcéanna. Tá an léarscáil nua-aimseartha níos ildaite
        agus níos mionsonraithe. Tá grafaicí ar na léarscáileanna ar a dtugtar eochracha a úsáidtear chun faisnéis a
        thabhairt dúinn. Tá an bhrí atá le gach eochair léirithe san eochair eolais ag bun na léarscáile. Mar shampla,
        tá eochracha ann chun láthair phicnicí agus cró na muc a thaispeáint. Úsáidtear uimhreacha freisin a
        fhreagraíonn do chomharthaíocht ar an eastát.







































                                                    Anonn Chugatsa!
       Samhlaigh d’Eastát



       Samhlaigh go bhfuair tú an láthair foirfe chun do rogha eastát a thógáil. Samhlaigh tú féin ag siúl
       trí d’eastát: cén chuma a bheadh air? Cén chaoi a n-aireofá dá mbeadh tú i do chónaí ann? Cén
       t-ainm a thabharfaí air?


       • Tarraing d’eastát ó do shamhlaíocht: D’fhéadfadh an caisleán a dhear tú roimhe seo a bheith
         ann nó foirgnimh go hiomlán difriúil. Líon an leathanach, is féidir leis a bheith chomh néata nó chomh
         mínéata agus is mian leat!
       • Mapáil d’eastát: Cruthaigh eochair eolais léarscáile agus eochracha. Cuir lipéad ar gach cuid de d’eastát
         Nuair atá tú críochnaithe, suigh le cara agus taispeáin bhur n-eastáit dá chéile agus labhair faoi na sonraí
         go léir.
       • Comhoibriú: Taispeáin na heastáit go léir a chruthaigh do chomhpháirtithe ranga ar an urlár nó ar na
         ballaí agus caith súil ghrinn ar gach ceann acu. An bhfuil aibhneacha nó bóithre ann a d’fhéadfá a leathnú
         chun na heastáit a nascadh? Céard faoi sheirbhísí a chur isteach a bheidh ag teastáil ó na heastáit go léir,
         mar chórais iompair nó cumarsáide, ziplíne ollmhór ag luascadh ón gcéad eastát go dtí deireadh an eastáit
         dheireanaigh? Anois tá do phobal féin agat!





                                                                                                             27 8
   23   24   25   26   27   28   29   30   31   32   33