Page 24 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 24

SÉIPÉAL NUA-GHOTACH





       Díreach trasna an bhealaigh ón gcaisleán tá an Séipéal nua Ghotach. Tá
       an stíl seo níos galánta agus níos grástúla ná mar atá in úsáid sa chaisleán.
       Tógadh an séipéal seo i gcuimhne ar Margaret Henry, theastaigh ó Mitchell
       Henry go mbeadh an séipéal galánta agus banúil ar nós Margaret Henry
       féin! Deirimid Nua-Ghotach mar go gciallaíonn neo nua; is leagan nua atá
       anseo de sean-stíl ar a dtugtaí Gothach. I gcaitheamh na mblianta, fuair an séipéal an-tais agus bhí baol
       ann go dtitfeadh sé. Thug na mná rialta, ar mhaithe leis an séipéal a shábháil do na glúnta atá le teacht, faoi
       phlean athchóirithe lena chur ar ais sa riocht álainn ina raibh sé ó thús agus is féidir linn go léir taitneamh
       a bhaint as sa lá inniu.


       De ghnáth, bheadh gnéithe ar nós an méid seo a leanas ag gabháil le
       foirgneamh athbheochan Ghotach:

       • Stuafhuinneoga agus stuadhoirse
       • Féithigh cloiche líonta le gloine dhaite (is ionann féithigh agus fuinneoga le deighiltí cloiche)
       • Geargáilí (carachtair bheaga mhaisiúla in airde ar fhoirgnimh; tá aingil ar Mhainistir na Coille Móire!)
       • Spuaiceanna galánta























































                 Tá an séipéal neadaithe ag bun an chnoic i gcoillearnacha na coille
                móire, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos atmaisféaraí, níos drámata
                                               agus níos draíochtaí.

                                                                                                             23 4
   19   20   21   22   23   24   25   26   27   28   29