Page 22 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 22

CAISLEÁN, TEACH NÓ
    MAINISTIR?




        Cé gur ‘Mainistir na Coille Móire’ a deirtear sa lá atá inniu ann, is Cais-
        leán na Coille Móire a tugadh ar an fhoirgneamh nuair a tógadh é sa bh-

        liain 1871. Is Mainistir na Coille Móire a deirtear inniu mar gurbh é áit
        chónaithe na mná rialta Beinidicteacha é agus is mainistir a thugtar ar an áit
        ina gcónaíonn na mná rialta. Cén fáth gur roghnaíodh an t-ainm, ‘Caisleán
        na Coille Móire, nuair a tógadh é mar áit chónaithe do theaghlach Henry?


        I dtús ama b’fhoirgneamh láidir cloiche a bhí sa chaisleán le naimhde a bheadh ar an ionsaí agus a gcuid
        airm a choinneáil amach. Tógadh na cineálacha seo caisleán den chéad uair na céadta bliain ó shin chomh
        fada siar leis an 10ú haois.

                                       Forbhallaí le creinilí agus meirilí















                Caisleán Windsor                      Caisleán Bhun                   Caisleán Meánaoiseacha
                      1070                              Raite 1425


                            Cén cineál caisleáin é Caisleán na Coille Móire
        Rinne ailtire ar a tugadh James Franklin Fuller agus innealtóir darbh ainm Samuel Usher Roberts
        dearadh ar Chaisleán na Coille Móire; bhain siad úsáid as an stíl Ghotach Bharúnach. Bhí an
        dearadh seo bunaithe ar chaisleáin a bhí i bhfad níos sine, caisleán de chuid na meánaoiseanna ach
        baineadh úsáid as innealtóireacht agus as ábhair nua-aimseartha. Ó aimsir na gcaisleán chosantacha
        a bhí i bhfad níos sine, bhí formhór lucht rachmais ina gcónaí i dtithe galánta a bhí tógtha de réir
        prionsabail an dearaidh chlasaicigh, ach sa ré Victeoiriach, bhí an-tóir ar stíl na gcaisleáin óna
        meánaoiseanna. Tháinig an t-ainm ‘caisleán’ sa bhfaisean in éineacht le túiríní agus caisealóirí!




        Baineadh úsáid as roinnt mionsonraí ailtireachta ón am atá caite chun caisleáin Gotaigh
        Barúnacha a thógáil:
        • Forbhallaí le creinílí agus le meirilí (sliastáin ar chruth fiacail áit a bhféadfadh saighdiúirí saighead a
          chaitheadh agus áit a bhféadfadh siad dul i bhfolach le linn ionsaí)
        • Fuinneoga muilleannacha cloiche (ceartingearach a roinneann oscailt na fuinneoige)
        • Scoilt saighead bréige (bhí fuinneoga caola i gCaisleáin Mheánaoiseacha do bhoghdóirí áit as a
          bhféadfadh siad saigheada a chaitheadh)
        • Fuinneoga Oiriail (fuinneog atá ag gobadh amach as an
           fhoirgneamh)
        • Túiríní agus Túir
        • Ballaí arda cloiche
        • Binn chéimneach (binn atá ar phatrún atá cosúil le céimeanna)
        • Armas os cionn an dorais tosaigh
        • Bratach ar a bhfuil armas an teaghlaigh agus atá ar foluain ón díon


                                                                                                             21 2
   17   18   19   20   21   22   23   24   25   26   27