Page 32 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 32

SCÉALTA I bhFOIRM PICTIÚR





                                        PORTRÁIDÍ TEAGHLACH

        San  am  atá  caite,  ní bhíodh  d’acmhainn  ach  ag daoine  saibhre  ealaíontóir  a  íoc  chun  an  teaghlach  a
        phéinteáil, líníocht díobh a tharraingt nó grianghraf díobh a ghlacadh. Bhí siad ábalta teicneolaíocht nua a
        úsáid freisin chun a bportráidí féin a dhéanamh. Uaireanta, déanann ealaíontóirí portráidí díobh féin; tugtar
        féinphortráidí orthu. Mar sin, an chéad uair eile a ghlacann tú féinín, is féinphortráid atá á cruthú agat!




                                                        Geraldine Henry: Grianghraf Circa 1883

                                                        Bhí Geraldine Henry ina déagóir nuair a ghlac a deartháir
                                                        Alexander an grianghraf seo di. Cuireadh an grianghraf
                                                        in albam an teaghlaigh agus tá an lipéad lámhscríofa a
                                                        cuireadh leis agus na clibíní a úsáideadh chun é a ghreamú
                                                        le feiceáil fós. Bhí gléasadh i mbréagéide go mór san
                                                        fhaisean an tráth sin. Chuir muintir na hEorpa eolas ar
                                                        ealaín agus ar chultúr na hÉigipte go luath sa 19ú haois
                                                        agus thug muintir Henry cuairt ar an Éigipt. Is é sin an fáth
                                                        go raibh éide thraidisiúnta na hÉigipte á caitheamh aici.

                                                        • Cad a fheiceann tú a aithníonn tú?

                                                        • Cad a fheiceann tú atá neamhghnách?

                                                        • Caitheamh aimsire nua do dhaoine saibhre a bhí sa
                                                          ghrianghrafadóireacht agus bhí an t-ádh ar Alexander
                                                          a threalamh féin agus seomra dorcha a bheith aige. Glac
                                                        sé grianghraif dá mhuintir, dá dtithe agus dá gcaithimh
                                                        aimsire. An eol duit an úsáid a baineadh as seomra dorcha?




        Florence Henry: Olaphéint ar chanbhás

        (cóip) Circa 1875

        Rugadh Florence sa bhliain 1870, agus ba í an duine ab óige
        de chlann Henry. Ní heol dúinn cérbh é an t-ealaíontóir,
        ach is pictiúr ardcháilíochta é seo.


        • Bheadh na huaireanta an chloig i gceist leis an bpictiúr
           olaphéinte seo a chur i gcrích. Chun an méid ama a bhí
           ar Florence fanacht gan chorraí, seoladh a gúna chuig an
           ealaíontóir agus phéinteáil sé ar dtús é. Ní raibh air ach
           a haghaidh agus a lámha a phéinteáil agus í os a chomhair
           amach!

        • Tá léite againn gur leanbh spraíúil agus diabhalta a bhí in
           Florence; an féidir leat é sin a fheiceáil sa phictiúr? Cé air
           a raibh sí ag smaoineamh, meas tú?






                                                                                                             31
                                                                                                             12
   27   28   29   30   31   32   33   34   35   36   37