Page 36 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 36

GAIRDÍN IONTACH





                                          An Garraí Daingean Inniu

        Ábhar iontas is ea an Garraí Daingean fós sa lá atá inniu ann. Tháinig drochbhail ar an ngarraí ar feadh na
        mblianta go dtí gur chuir na mná rialta tús i 1995 le plean uaillmhianach chun é a athchóiriú.  I ndiaidh chúig
        bliana d’obair chrua, osclaíodh an garraí don phobal sa bhliain 2000. Tá na mná rialta Beinidicteacha agus
        foireann Mhainistir na Coille Móire an-bhródúil as an gcuma atá ar an ngarraí sa lá atá inniu ann. An bhfuil
        tú in ann na háiteanna seo a leanas a aimsiú? (bain úsáid as na grianghraif chun comparáid a dhéanamh):
        Teach an Phríomh-Gharraíodóra, na gairdíní glasraí, suíomh na 21 theach gloine a bhí ann ar dtús, sruthán
        an gharraí agus an príomhgheata. Beidh difríochtaí idir an mapa agus an ghrianghraf; cuimhnigh go mbeidh
        na crainn a bhí an-óg sna 1800í nó nach raibh curtha fós le feiceáil ina gcrainn lánfhásta ar an mapa.































































         Tá an gairdín glasraí seo deighilte   Tá dhá theach gloine agus ceapaí   Seo  an  Príomh-Gharraíodóir  ag
         ón ngairdín bláthanna foirmiúil     bláthanna    geoiméadracha    sa    gearradh luibhe  darb  ainm  finéal  sa
         ag crainn agus sruthán. Tá prátaí   ghairdín bláthanna foirmiúil go fóill.   ghairdín glasraí. Bealach nádúrtha
         á mbaint do na cistineacha.         Cuireann na garraíodóirí scéimeanna   chun créatúir amhail drúchtíní a dhíbirt
                                             difriúla  dathanna  gach   bliain.  is ea finéal a chur gar do na glasraí.



                                                                                                             35
                                                                                                             16
   31   32   33   34   35   36   37   38   39