Page 34 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 34

SCÉALTA I bhFOIRM PICTIÚR





                                          Cad atá i gceist le hArmas?

        San am a caitheadh, is comhartha nó léaráid a bhíodh san armas, ar sciath go hiondúil, a cruthaíodh le
        seasamh ar son duine, nó teaghlach, dúiche nó tír.  Bhíodh íomhánna agus siombailí ar an sciath armais
        lena leagtaí béim ar ghnéithe tábhachtacha de scéal an duine nó den dream in iúlseansciath armais.  Sa lá
        atá inniu ann, bíonn armas ag gnólachtaí, ag foirne spóirt, ag comhlachtaí agus fiú amháin ag scoileanna.  Is
        minic gur suaitheantas a thugtar orthu, comharthaí ar a gcuid tréithe.  Feictear iad ar bhratacha, ar éide, ag
        geataí agus ag doirse.



















                     Éire                           Teaghlach Henry                            Gaillimh



          Armas na hÉireann le             Armas mhuintir Henry leis an mana             Chontae na Gaillimhe le
        siombail gach ceann de na           ‘Vincet Veritas’ (Bíonn an lá leis an      béim ar chúrsaí maraíochta
                  cúigí;                    bhfírinne). Bhíodh Mitchell Henry          agus an leon ina chomhartha
                                           an-tugtha do mhana na muintire agus           téagair agus calmachta;
                                         ba mhian leis a bheith ionraic macánta ó
                                                  thús deireadh a shaoil.




                                                    Anonn Chugatsa!

        Seo do sheans-sa
        • Leag amach armas de do chuid féin. Smaoinigh ar shiombailí a bheadh ina gcomharthaí ortsa.  Tarraing
        sciath nó úsáid imlíne atá ar fáil ar an idirlíon agus líon isteach na siombailí ann a bheidh ina léiriú ar do
        chuid tréithe.  D’fhéadfá leide a thabhairt faoi d’áit dúchais, mar shampla seamróg maidir le hÉirinn nó gné
        suntasach so-aitheanta den áit ina bhfuil cónaí ort.   Úsáid na dathanna is fearr a thaitníonn leat.  D’fhéadfá
        tagairt a dhéanamh do chaitheamh aimsire, do do chuid gaolta, d’ainmhithe a thaitníonn leat nó do bhia,
        más maith leat.


        • Cum mana. Is minic mana le harmas, nath Laidine go hiondúil.  Tá manaí dá gcuid féin ag mná rialta
        na mBeinidicteach chomh maith, comhairle dóibh maidir lena slí maireachtála. ‘Déan guí agus obair’ a
        chiallaíonn ‘Ora et Labora’ lena meabhraítear do na mná rialta freastal ar an dá thrá agus iad ag guí agus ag
        obair in éineacht gach lá; sin an mana is tábhachtaí ag an ord. Cum mana gairid agus cuir leis an armas é, in
        íochtar nó in uachtar.

                                                                                              D’fhéadfá
                                                                                              aistriúchán go
                                                                                             Laidin a dhéanamh
                                                                                              ar an idirlíon más
                                                                                                maith leat






                                                                                                             33
                                                                                                             14
   29   30   31   32   33   34   35   36   37   38   39