Page 37 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 37

GAIRDÍN IONTACH










                                                    Anonn Chugatsa!

        Do sheans-sa! Samhlaigh do ghairdín


        Tuilleadh taighde: Ní mór do gharraíodóir maith go leor eolais a bheith aige agus go leor téarmaí
        garraíodóireachta a thuiscint. Bain úsáid as an idirlíon nó as leabharlann do scoile chun an taighde a
        leanas a dhéanamh: féach ar an léarscáil de Gharraí Daingean Mhainistir na Coille Móire Inniu agus faigh
        amach cad iad na háiteanna seo: An Teach Gloine Síolraithe, Frámaí Fuara, an Teach Gloine Fíonchaor agus
        an Chiumhsóg Bláthanna. Féach go grinn ar an léarscáil agus scríobh síos do thuairimí sula seiceálfaidh tú
        na freagraí cearta.


















                 Lile Lae                  Fritileán              Glúineach Himiléach            Feochadán

        • Bláthanna i do shamhlaíocht: Tugann bláthanna dathanna agus boladh álainn isteach sa ghairdín;
        cuireann siad neachtar ar fáil d’fheithidí agus táirgeann siad síolta don chéad bhliain eile. Ar thug tú faoi
        deara cá mhéad cruthanna éagsúla bláthanna atá ann? Féach na samplaí thuas ó gharraí na Coille Móire.
        Beir greim ar phinn daite agus cruthaigh speicis nua bláthanna: smaoinigh ar dhath, ar chruth, ar an ngas,
        ar na duilleoga agus ar cheann an bhlátha. Ainmnigh do bhláth nua.


        • Gairdín céadfach (i mbosca!): Spreagtar ár gcéadfaí ar fad i ngairdín, ní hamháin an t-amharc, ach boladh,
        tadhall agus éisteacht freisin. Cé na bolaithe a bheadh i do ghairdín? Líon bosca lóin nó bosca bróg le samplaí
        beaga de bholaithe spéisiúla nó áille. Cad is féidir leat a aimsiú sa bhaile nó i do ghairdín féin? Bain triail as
        craiceann oráiste agus líomóide, luibheanna, caonach, duilleoga, caora, muisiriúin, labhandar, pónairí caife,
        seacláid. D’fhéadfá gairdíní bolaidh a roghnú le do chomhdhaltaí agus iad a ainmniú.

        • Bí i d’aireagóir: Thaitin sé go mór le daoine sa Ré Victeoiriach meaisínre agus gairis a cheapadh chun a
        gcuid fadhbanna a réiteach, mar shampla an córas téimh sna tithe gloine ag Mainistir na Coille Móire. Déan
        obair bheirte chun rud éigin a cheapadh mar réiteach ar fhadhb i ngairdín samhailteach; b’fhéidir go bhfuil
        ‘córas chun fiailí a bhaint gan obair a dhéanamh’ uait nó gur mian leat foichí a choinneáil amach as an eas
        seacláide? Cruthaigh aireagán chun d’fhadhb a réiteach agus cuir lipéid ar na pháirteanna difriúla. Cuir
        d’aireagán i láthair do ranga.

















                                                                                                             36
                                                                                                             17
   32   33   34   35   36   37   38   39