Page 35 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 35

GAIRDÍN IONTACH





                                      An Garraí Daingean ag tús a Ré

        Cruthaíodh an gairdín sa Choill Mhóir an t-am céanna a tógadh an caisleán, ag deireadh na 1800idí.
        D’fhostaigh an tUasal Henry garraíodóir éirimiúil darbh ainm an tUasal Garnier chun cabhrú leis plean a
        leagan amach don ghairdín, a bheadh ar cheann de na gairdíní is galánta in Éirinn. Bhí 21 theach gloine téite
        laistigh de bhallaí arda brící, iad lán le plandaí coimhthíocha as gach cearn den domhain, ceapaí bláthanna
        áille ar chruthanna geoiméadracha, teach don  Phríomh-Gharraíodóir, teach do na gnáthgharraíodóirí, agus
        spás mór inar fásadh torthaí agus glasraí do mhuintir an chaisleáin.


        Gairdín iontach a bhí ann, lán le plandaí, crainn agus torthaí nach bhfacthas in Éirinn roimhe sin,
        chomh maith leis na teicnící innealtóireachta ba nua-aimseartha den tréimhse sin chun uisce agus teas
        a sholáthar do na tithe gloine.























































         Bhí plandaí as gach cearn den       Bhí     teach    an     Phríomh-     Chun plandaí amhail an raithneach
         domhain     sna   tithe   gloine,   Gharraíodóra suite ag barr an        chraobhach  ollmhór  seo  a  fhás,
         agus    torthaí  blasta   amhail    ghairdín le go bhféadfadh sé         b’éigean na tithe gloine a choinneáil
         mealbhacáin, figí agus bananaí.     breathnú síos ar an ngairdín agus    te.  Thug  píopaí  uisce  téite  ar  fud
                                             súil a choinneáil ar na hoibrithe.   na dtithe chun iad a choinneáil
                                                                                  te agus tais, mar a bheadh
                                                                                  dufair  nó  foraois  bháistí  ann.





                                                                                                             34
                                                                                                             15
   30   31   32   33   34   35   36   37   38   39