Page 30 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 30

SEOMRA LE hAGHAIDH
    GACH RUD




        Urlár na talún a léirítear sa phlean ach tá trí urlár agus os cionn 70
        seomra i Mainistir na Coille Móire. Breathnaímis ar roinnt de na
        príomhsheomraí ar urlár na talún. An féidir leat teacht orthu sa
        phlean?


        An Chistin: Spás gnóthach inar ullmhaíodh an bia ar fad. Baineadh úsáid as soirn bhreosla sholadaigh chun
        cócaráil a dhéanamh agus chun uisce a théamh. Bricfeasta, tae na maidine, lón, tae an tráthnóna, dinnéar
        agus suipéar na príomhbhéilí, ach d’fhéadfadh an teaghlach an cloigín a bhualadh am ar bith sa chás go raibh
        sneaic uathu; ceapaire feola fuaire b’fhéidir, nó crompóg thóstáilte!

        An Seomra Bia: Seomra galánta é seo inar caitheadh príomhbhéilí an lae. An Príomh-Bhuitléir a bhí
        freagrach as a chinntiú go ndeachaigh gach rud i gceart. Scrúdaigh sé na miasa ar fad sa Seomra Riartha
        sular tugadh chun boird iad ar thrinsiúir airgid.

        An Parlús: Seomra álainn é seo a bhí leagtha amach go speisialta le haghaidh scíth a ligean agus le haghaidh
        siamsaíochta. Áit é ina raibh na mná uaisle ábalta an pianó a sheinm, nó bheith ag fuáil nó ag scríobh um
        thráthnóna. Bhaileodh an teaghlach ar fad ann i ndiaidh an dinnéir sa chás nach raibh siamsaíocht ar siúl
        sa Bhálseomra.

        An Seomra Billéardaí: Cluiche a bhí go mór san fhaisean d’fhir uaisle sna 1800idí ab ea billéardaí. Bhí síleáil
        ard sa Seomra Billéardaí, rud a bí an-áisiúil, mar thaitin sé leis na fir branda a ól agus todóga a chaitheamh.
        D’imir siad cluichí cártaí, táiplis mhór nó ficheall freisin. Ní chaitheadh mná uaisle sa 19ú haois am ar bith
        sa Seomra Billéardaí. An gceapann tú go raibh sé sin cóir?

                                                             An Mhaidin ag Cailín Tí

                                         “Bíonn an mhaidin thar a bheith gnóthach agus muid ag lasadh tinte sna
                                       seomraí codlata agus ag cinntiú go bhfuil uisce te ann do na mná agus do na fir
                                       uaisle le go nífidh siad iad féin sula síneann siad oiread agus ladhar amach as
                                       an leaba! Ansin, brostaím síos staighre chun tinte a lasadh sa seomra bricfeasta,
                                       sa seomra maidine agus sa leabharlann. Déanaim cinnte de go bhfuil gach rud
                                       glan agus slachtmhar don teaghlach. Chomh luath agus a thagann an teaghlach
                                       anuas don bhricfeasta, téimid suas staighre arís chun na leapacha a chóiriú, na
                                      seomraí a ghlanadh, na fearais níocháin a thógáil amach as na seomraí agus na
                                       potaí seomra a fholmhú. Bíonn an mhaidin chomh ghnóthach sin go n-imíonn
              Kate Egan. Aois 17,     sí an-tapa agus ní bhíonn an t-am againn ach le haghaidh cupán tae agus slisne
                Cailín Tí. 1901               aráin friochta sula dtugaimid aghaidh ar an obair arís.”

                                                    Anonn Chugatsa!
        Do sheans-sa
        • Samhlaigh gur tusa a chaithfidh gach jab a dhéanamh i do theachsa. Déan liosta de na j
           banna nach mór a dhéanamh gach lá agus na cinn a dhéantar ó am go ham. Cé a dhéanann
           na jabanna uile sin, de ghnáth? An gceapann tú go roinntear an obair go cothrom i do
           theach?
        • Tarraing plean de do theach ach samhlaigh gur bhain tú an díon de agus go bhfuil tú
           ag féachaint síos ón bpointe sin. Féach ar phlean Chaisleán na Coille Móire chun an bealach ar léirigh
           siad pasáistí, fuinneoga agus doirse a fheiceáil. Cuir lipéad le gach seomra lena thaispeáint cad a dhéantar
           ann, e.g. ithe, codladh, cócaráil etc.
        • Tarraing plean de do theach samhailteach; cuimhnigh go mbeidh tionchar ag cruth do phlean ar ch
           ma an tí ón taobh amuigh. D’fhéadfá plean a tharraingt den chaisleán a dhear tú i gCuid a hAon freisin.







                                                                                                             10
                                                                                                             29
   25   26   27   28   29   30   31   32   33   34   35