Page 31 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 31

SCÉALTA I bhFOIRM PICTIÚR





        Portráidí na Coille Móire

        Is iomaí pictiúr, doiciméad agus grianghraf i ainistir na Coille Móire. Insíonn siad scéalta na ndaoine a chón-
        aigh san áit le 150 bliain anuas. Is portráidí iad go leor díobh, caithimis súil níos géire orthu.


                                         CAD IS PORTRÁID ANN?

        Íomhá a úsáidtear chun taispeántas nó taifeadadh de dhuine a dhéanamh is ea portráid. Pictiúr, líníocht,
        grianghraf, dealbh nó saothar ealaíne eile a bhíonn i gceist. Tá athrú tagtha ar phortráidí le himeachta aimsire,
        mar a tharlaíonn le faisean, ag brath ar na meáin atá ar fáil. San am atá caite, pictiúir, dealbha nó líníochtaí
        a bhíodh i bportráidí. Sa lá atá inniu ann, is grianghraif nó físeáin a bhíonn iontu, de ghnáth. Bíonn tóir ar
        phictiúir agus ar dhealbha i gcónaí le haghaidh ócáidí speisialta.




                                             PORTRÁIDÍ FOIRMIÚLA

        •  Ceapadh Ban-ab  Butler  ina  Máthairab  ar  an bpobal Beinidicteach  (ceannaire  an  ghrúpa  ban  rialta  a
        chónaíonn, a oibríonn agus a ghuíonn le chéile) sa bhliain 1686. Ceapadh Ban-ab Ostyn ina Máthairab sa
        bhliain 1916. Cruthaíodh portráid den dá Mháthairab chun a ról tábhachtach a chomóradh.


        • Tá bachall ina lámh ag an dá Mháthairab mar shiombail ar an stádas tábhachtach a bhí acu ina pobal. Tá
        an bhachall cosúil leis an gceann a bhíonn ag aoire agus meabhraíonn sí don Mháthairab gur ag tabhairt aire
        dá pobal atá sí, mar a dhéanann aoire lena thréad.




























                       An Mháthairab Mary Joseph                         An Mháthairab Maura Ostyn
                      Butler Olaphéint ar chlár, circa                      Grianghraf, circa 1916
                                  1686






                        Smaoineamh Air
                        Leanúnachas traidisiúin: tá os cionn 200 bliain idir an dá phor-
                        tráid seo. Cad atá mar an gcéanna sa dá cheann?
                        Cad iad na difríochtaí eatarthu?





                                                                                                             30
                                                                                                             11
   26   27   28   29   30   31   32   33   34   35   36