Page 33 - 200133- Book-Digital-pdf
P. 33

SCÉALTA I bhFOIRM PICTIÚR





                                       SCÉAL I nGLOINE DHAITE

        Tá na mná rialta Beinidicteacha ina gcónaí i Mainistir na Coille Móire ón mbliain 1920. Roimhe sin,
        chónaigh siad sa Bheilg i mainistir ársa i mbaile darb ainm Ypres ach rinneadh ionsaí buama air ag tús an
        Chéad Chogadh Domhanda. B’éigean do na mná rialta teitheadh, ar nós na mílte duine eile, agus rinneadh
        dídeanaithe díobh.  I ndiaidh áit chónaithe oiriúnach a lorg ar feadh roinnt blianta, tháinig na mná rialta ar
        Chaisleán na Coille Móire agus bhog siad anseo. Rinne siad mainistir den chaisleán.

                                                                                Is fuinneog dhaite bhréige í seo
                                                                                atá ar taispeáint i Mainistir na
                                                                                Coille Móire sa lá atá inniu ann.
                                                                                Baintear úsáid aisti chun leagan
                                                                                simplí de scéal na mban rialta a
                                                                                insint.  Insíonn  na  híomhánna
                                                                                ó chlé go deas an scéal. De
                                                                                ghnáth,    déantar   fuinneog
                                                                                dhaite le píosaí gloine dhaite ar
                                                                                leith, ach tharraing dearthóir
                                                                                grafaicí na híomhánna seo ar
                                                                                phíosa gloine.





                                                                                           Cad faoi
                                                                                          Gailearaí
                                                                                       Portráidí ranga a
                                                                                         dhéanamh?




                                                    Anonn Chugatsa!


        SEO DO SHEANS LE BHEITH CRUTHAITHEACH!

        Féinphortráid: Cruthaigh féinphortráid  díot féin.  Roghnaigh do mheán:
        grianghraf, péint, colláis, etc. Cad is mian leat a thaispeáint, cad é a dhéanann
        duine uathúil díot? Roghnaigh an dreach a bheidh ort, an cúlra, na héadaí
        a chaithfidh tú agus na rudaí a bheidh le feiceáil, chun scéal a insint faoin
        gcineál duine tú.


        Coimisiún: Iarr ar dhuine i do rang portráid a dhéanamh díot. Mínigh dóibh cén dearcadh is mian a bheadh
        ag an domhain ort agus lig dóibh do phortráid a chruthú. Inis dóibh cén chuma ar chóir a bheith uirthi:
        dáiríre, greannmhar, lán dathanna, monaton?


        Samhlaigh scéal i ngloine: Cruthaigh dearadh d’fhuinneog dhaite a insíonn scéal do shaoil i bpictiúir.
        Cad iad na gnéithe tábhachtacha de do shaol a chuirfeá ar taispeáint? Cad faoi do chéad lá ar scoil, cóisir
        bhreithlá, an lá a fuair tú peata nua, an lá a thug an fhoireann is fearr leat craobh leo. An bhféadfá do theach
        nó d’áit dhúchais a chur sa chúlra?










                                                                                                             32
                                                                                                             13
   28   29   30   31   32   33   34   35   36   37   38